CnagKilkenny

Latest News/Nuacht

Go raibh Sonas na Féile Pádraig oraibh go léir ar an lá speicialta seo. Bhí mé ag bailiú do Chonradh na Gaeilge ag an séipéal ar maidin agus chuir se ionadh orm an méid daoine a labhair Gaeilge liom agus Gaeilge líofa acu. Theastaigh ó chuid acu feabhas a chur ar a líofacht cainte agus mhol mé dóibh bualadh isteach chuig teach tabhairne Bollards aon maidin Céadaoine ag 11.00 agus páirt a ghlacadh sa Chiorcal Comhrá.

Tá ciocal eile a bhailíonn sa Leabharlann i Loch Buí gach maidin Céadaoine ag 11.00 a.m. Chomh  maith.

Ag céiliuradh na Féile anseo i gCill Chainnigh:

Tá áthas ar Fhoras na Gaeilge sraith d’oicheanta eolais a fhógairt leis na scéimeanna maoinithe atá ar fáil ón gcomhlacht thuaigh/theas don GAEILGE a chur chun cinn.

Beidh siad i gCill Chainnigh ar an Mháirt, 21 Feabhra in Óstán an Springhill ag 19.30.

Tuilleadh eolais mar gheall ar scéimeanna Fhoras na Gaeilge anseo – http://Forasnagaeilge.ie/camchuairt

Pádraigín Ní Dhubhluachra – FíorGhael ar lár

 

padraigin-2-1-of-1Ar an 27ú de mhí na Samhna shleamhnaigh Pádraigín uainn isteach sa tsíoraíocht. Pádraigín na gile agus na huaisleachta, Pádraigín na cuideachta agus na dáiríre, Pádraigín an fhuinnimh agus na dílseachta. Bhain an uaisleacht léi a bhain le cathair Chill Chainnigh féin. Bean a bhí bródúil as a sinsearacht agus as cathair ársa Chill Chainnigh agus gach ar bhain leis.

Chaith Pádraigín an chuid is mó dá saol ina cónaí ar Shráid na Feise, in aice le teach an Rútaigh agus le Cúirt na nGrásach agus bhí stair Chill Chainnigh go smior inti. Ghlac sí páirt ghníomhach i saol na cathrach agus chuir sí go mór le saol reiligiún, cultúrtha agus carthanachta an phobail.

Chaith sí an chuid is mó dá saol gairmiúil ag múineadh i scoileanna Pharóiste Naomh Cainneach. Cuid de rian na gairme sin a bhí le tabhairt faoi deara ba ea an chinnteacht a bhain léi agus a tuairimí á  gcur in iúl go daingean, dearfa ach i gcónaí go deabhéasach. Bhain an diongbháilteacht seo léi i rith a saoil.

Chuir sí spéis i saol cultúrtha na cathrach agus ba bhreá léi freastal ar imeachtaí ceoil, drámaíochta, polaitíochta agus léinn. Ghlac sí páirt ghníomhach san INTO, Conradh na Gaeilge, An Cumann Seandálaíochta, Concern, Liberal Studies Group agus Cumann Múinteoirí Scortha Chill Chainnigh. Bhí sí ina Cathaoirleach ar an Liberal Studies Group agus Cumann Múinteoirí Scortha Chill Chainnigh nuair a fuair sí bás.

Thar aon ghrúpa eile thug sí a croí le Conradh na Gaeilge agus rinne sí obair fhónta thar na blianta ag cur na teanga chun cinn i measc an phobail.  Bhí an Ghaeilge go líofa, anamúil aici agus d’úsáid sí gach deis í a labhairt agus a chur chun cinn. Ba bhreá léi an Ghaeilge a labhairt go poiblí agus ba mhinic í a chloisteáil ag labhairt na Gaeilge ar an mbaile. Fiú, agus í i mbun gnó sna cumainn eile, ina raibh sí páirteach, labhair sí an Ghaeilge nuair ba chuí. Bhí sí ar choiste Chonradh na Gaeilge le blianta agus chaith sí tamall fada mar rúnaí agus seal mar chathaoirleach. Bhí baint nach beag aici le rath Conradh na Gaeilge i gCill Chainnigh agus chuir an dúthracht, an fuinneamh agus an dílseacht a thaispeáin sí go mór le himeachtaí cosúil le Club na nÓg, Díospóireachtaí Gaeilge, Daonscoil Osraí, Feis Chill Chainnigh, agus an tAifreann Gaeilge sa Friary. Bhí lámh aice freisin in eagrú Ard Fheis Chonradh na Gaeilge, Cuairt na bhFilí Albanacha, Scoil Merriman, Féile Pan-Cheilteach agus an clár “Trom agus Eadrom” nuair a ritheadh iad i gCill Chainnigh.

Bhí creideamh láidir ag Pádraigín agus d’fhreastail sí ar Aifreann laethúil. Bhí sí fial, flaithiúil i gcónaí agus d’eagair sí bailiúchán náisiúnta CONCERN i gCill Chainnigh le blianta fada. Rud a rinne sí le cruinneas agus le dúthracht agus le tairbhe mór do Concern. Chaith sí tamall ag tús a ghairme ag obair le Viatores Christi i Zambia agus is iomaí duine ar an mbaile a fuair cabhair agus tacaíocht uaithi in am an gháthair. Is minic a bhuail mé léi ar an mbaile ar a bealach chuig teach éigin ar chuairt nó chun duine a bhailiú sa charr.

Chuir Pádraigín a hanam sa saol agus bhain sí gach tairbhe agus maitheas as an lá bán fiú nuair a leag an ailse í.  Ba bhreá léi a cairde ag teacht ar chuairt, na seisiúin ceoil a d’eagraigh siad agus turasanna go Cill Chainnigh le haghaidh béilí. Ghlac sí le dignit lena breoiteacht agus is mór an chailliúint í dá cairde go léir. I mbliain seo an chéid agus muid ag smaoineamh ar laochra 1916, smaoinímis ar ár laoch féin, Pádraigín, a rinne éacht ar son na Gaeilge anseo i gCill Chainnigh agus a bhí fial, flaithiúil i gcónaí do phobal Chill Chainnigh.

Is méala mór a bás dá deirfiúr, Elizabeth, dá deartháir céile, agus dá clann uilig.  Solas glé na bhFlaitheas go raibh ar a hanam uasal i measc Ghaeil na hÉireann.

Beidh Aifreann Cuimhneacháin do Phádraigín sa Friary ar an Domhnach, 15ú Eanair, ag 10.30

alan-titley-8

Beidh Cantóirí an Rútaigh an-ghnóthach ag canadh le linn Féile na Nollag. Ar an gcéad dul síos beidh siad ag glacadh páirt i “Carols from Kilkenny Castle” ar an Satharn, 10adh Nollaig, ag 3.30 i.n..

Comh maith leis sin beidh siad ag canadh ar an mbaile ar an 17adh agus 18adh Nollaig. Beidh siad sa Market Cross ar an 17adh Ó 14.00 – 16.00 agus i McDonagh Junction ar an 18adh Ó 13.30 – 15.00 agus beidh siad ag bailiú ar son Vincent de Paul.

Cleachtaíonn Cantóirí an Rútaigh, i dTeach an Rútaigh, gach oíche Chéadaoine ag 8.30 i.n.

Peig.ie

imageTabhair cuairt ar http://Peig.ie lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. Gheobhaidh tú eolas faoi chúrsaí Gaeilge i gCill Chainnigh agus i gceanntair eile ar fud na tíre.

Feicim go bhfuil grúpa ar a dtugtar “GaeilChainnigh” ar an mbaile anois atá ag iarraidh gréasán gaelach a bhunú le pobail na Gaeilge i gCill Chainnigh a fhorbairt. Má tá suim agat teangmháil a dhéanamh leis an ngrúpa déan nasc leo ar FACEBOOK agus scaip an scéal. GaeilChainnigh

Má ta suim agat feabhas a chur ar do chuid scríobhneoireachta Gaeilge, tugtar cuireadh duit teacht chuig an leabharlann i Loch Buí, Cill Chainnigh ar an Aoine, 29ú Aibreán, ag 6.00 i.n. nuair a chuirfear grúpa scríbhneoirí Gaeilge ar bun. Fáilte roimh chách.

Thomas MacDonagh

Ar raibh a fhios agat go chaith Thomas McDonagh, a cuireadh chun báis i 1916, seal ina rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, Cill Chainnigh? Bhí sé ar choiste an “Gaelic League” ó 1901 go dtí mí an Mheithimh 1903.D’éirigh sé as an gcoiste ag an gCruinniú Cinn Bliana toisc …… léigh an mhéad an dúirt Mc Donagh féin ina thuairisc don chruinniú (Thomas McDonagh)

Is leor beirt!

is leor beirtChun deis a thabhairt do Ghaelgóiri na háite teacht le chéile agus dreas comhrá as Gaeilge a bheith acu shocraigh grúpa beag go mbuailfidis le chéile i dTeach Tabhairne Bollards, Sráid Chiaráin, gach Céadaoin i gcóir uair a chloig. Bíonn comhluadar deas bailithe le chéile gach seachtain ag a haondéag a chlog. Cuirtear fáilte roimh daoine nua i gcónaí. 

Every Wednesday morning a small group of people meet in Bollards Public house for a weekly chat and coffee. There is no set agenda and a large range of topics are discussed at each session. This group known as ‘Is Leor Beirt’   (Two will do) have met each week since 2012 at 11a.m. for their chat ‘as gaeilge’ and newcomers are always welcome.

 

Easter Monday Commemoration Ceremony

1916Kilkenny County Council will host a Commemoration Ceremony on Easter Monday morning at County Hall, John Street.The Ceremony will be based around the 1916 Proclamation and raising the National Flag in the garden of County Hall, which will be dedicated as a Memorial Garden.

Read More

Seachtain Mhic Dhonnchadha/ Thomas McDonagh Week

image

Thomas McDonagh

These events will run between April and May 2016 to commemorate the life, time and influences on Thomas McDonagh during his time working and living in Kilkenny.

Chaith Tomás Mac Donnchadha seal ina chónaí agus ag obair anseo i gCill Chainnigh. Bhí sé ina mhúinteoir i gColáiste Chiaráin agus bhí sé tamall ina rúnaí ar Chonradh na Gaeilge sa chathair.

 

 

 

Read More

Féile Pan Cheilteach

image

Come to Carlow, Ireland for this year’s International Pan Celtic Festival which takes place from 29 March – 3 April. Thousands of visitors will enjoy the celebration of Culture, Music, Song and Dance from Ireland, Scotland, Wales, Brittany, Cornwall and the Isle of Man during the 6 day family-friendly festival.

The complete festival programme is available to download by clicking the image to the left. If you have any quiries then email us at: pancelticcarlow@gmail.com or Tel: +353 87 2857048, +353 59 9158105, +353 85 1340047

Read More

%d bloggers like this: