CnagKilkenny

Tugann an fhéile deis do gach éinne sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon.

I gCill  Chainnigh beidh deis agat do chúpla focal a úsáid  le linn na féile agus go háirithe ar Lá le Padraig nuair a bheidh “An Ghaeltacht Bheag” i bpáirc an Chaisleáin. Beidh Puball na Gaeilge sa pháirc, áit a bheidh deis agat do chuid Gaeilge a úsáid. Beidh sé ar siúl idir 14.00 -16.00 agus beidh cluichí agus spotduaiseanna ar an lá.

Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!

Beidh seachtain eile Gaeilge againn anseo i gCill Chainnigh ag deireadh Feabhra faoin teideal Gaelspraoi Cois Feoire.

Beidh sé ar siúl arís 4 oíche as a chéile Luan go Déardaoin ó 7.00in go 9.30in san Ionad Oideachais Cill Chainnigh ag deireadh Mí Feabhra.

Beidh clár an-lán agus éagsúil againn.
Tuilleadh eolais ar ball.

Beidh Cantóirí an Rútaigh an-ghnóthach i rith Féile na Nollag. Beidh siad ag canadh in Ionad Siopadóireachta an Market Cross ar an Satharn, 16adh Nollaig ag a 3.00 i.n. agus arís i gCaisleán Chill Chainnigh ar an Domhnach, 17adh ag 3.00 i.n.

Tà an dáta deiridh le haghaidh iarratais d’imeachtaí Bliain na nGaeilge ná Dé Máirt seo chugainn, 28adh Samhain 2017.

Is féidir le haon ghrúpa, aon eagraíocht, aon choiste nó aon chlub a bhfuil sé i gceist acu imeacht nó tionscadal a reáchtáil do Bhliain na Gaeilge cur isteach ar an maoiniú nua seo.

Ciste Bhliain na Gaeilge 

Beidh €125,000 ar fáil le linn 2018. Tá an ciste ar oscailt anois d’imeachtaí a bheas ar siúl ó 1 Eanáir go 1 Meitheamh (seachas imeachtaí ó 1-17 Márta). Tá Conradh na Gaeilge ag súil gur deontas idir €500 & €1,000 a bheas ar fáil, beidh sin ag braith ar líon na n-iarratas dár ndóigh. Tá an fhoirm iarratais agus tuilleadh eolais faoin gciste ar fáil ag http://Peig.ie/ciste125

Ciste Seachtain na Gaeilge

Tá an ciste seo ar oscailt anois agus beidh idir €100 agus €250 ceadaithe do ghrúpaí le himeachtaí a eagrú le linn na féile. Caithfear an fhoirm iarratais a líonadh. Cóipeanna ar fáil ag http://Snag.ie/ciste

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh iad a líonadh ar líne go fada agus gur féidir agus caithfear an t-imeacht a chlárú ar PEIG chomh maith

Tionólfar Tumthuras sa Ghaeilge in Ionad Oideachais Chill Chainnigh ón 27adh go 30adh Samhain ó 7.00in go 9.30in. Tá an tionól oscailte d’éinne a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge.

Beidh aoichainteoirí gach oíche agus tá Gaeilge le spraoi agus taitneamh geallta do na rannpháirtithe. Tá an tionól eagraithe ag Ciorcal Comhrá Gaeilge. Cuirfear deireadh leis an Tumthuras le hoíche spraoi sa “Hole in the Wall”, Sráid Ard, ar an Aoine, 1adh Nollaig .

Gach eolas ó Leabharlann Loch Buí, Ionad Oideachais Chill Chainnigh nó ó Dan Brennan (0868527400)

 

Cantóirí an Rútaigh

Beidh Cantóirí an Rútaigh ag bailiú arís i dTeach an Rútaigh ar an gCéadaoin, 13ú Meán Fomhair ag 8.30 i.n. Bígí linn má tá suim agat amhráin Gaeilge a chanadh. Buailimid le chéile gach Céadaoin i rith na bliana.

Craolfar “Fís na Fuinseoige”, scannán faisnéise leis an stiúrthóir Aodh Ó Coileáin le linn Heritage Week. Beidh an léiriú ar siúl i gCaisleán Chill Chainnigh ar an Mháirt, 22adh Lúnasa ag 19.30. Cíorann an scannán an ceangal idir muintir agus pobal mar a léirítear é i bhfilíocht agus seanchas na Gaeilge.

 

A film screening during National Heritage Week of the award-winning documentary film ‘Fís na Fuiseoige’ (The Lark’s View), a one-hour award-winning documentary directed by Aodh Ó Coileáin. The film explores the connection between people and place, as expressed in Irish-language poetry and local lore. There will be a Q & A session with the director after the screening.

Beidh Siúlóid & Picnic trí Ghaeilge ar siúl i Choill Chorclaigh (Jenkinstown Wood) ar an Domhnach 16 Iúil ag 14:00. Póstaer iniatan.

Fáilte roimh chách. Tóg picnic leat!

Is deis é seo do theaghlaigh le Gaeilge i Chill Chainnigh aithne a chur ar a chéile & sult a bhaint as an saol trí Ghaeilge lena chéile .

Scaip an scéal, le bhur dtoil! Fáilte roimh chách.

Cuireadh  tús le  gréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá faoi theideal an fheachtais “Is Leor Beirt” i gcomhar le Scéimeanna Phobail Gaeilge timpeall na tíre. Tá dhá ghrúpa anseo i gCill Chainnigh. Tá sé an-éasca grúpa nua Is Leor Beirt a bhunú – níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile i gcaife áitiúil nó sa bhialann san ionad oibre nó áit ar bith eile chun comhrá le chéile i nGaeilge ar bhonn rialta. Cuireann beirt chainteoir Gaeilge fáilte roimh dhaoine eile le spéis sa teanga ag gach ionad a ghlacann páirt i scéim an Chonartha gach seachtain nó gach mí. Má tá grúpa bunaithe agat, cuir na sonraí chuig – isleorbeirt@cnag.ie

Is Leor Beirt  – Leabharlann Loch Buí, Chill Chainnigh
Gach Céadaoin – 11:00  Eolas : Lochbui1@gmail.com
Is Leor Beirt – Teach Tabhairne Bollards , Cill Chainnigh -Gach  Céadaoin – 11.00  Eolas: conradhcillchainnigh@gmail.com

 

 

Bíonn Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge ar siúl i Leabharlann Loch Buí ar an Aoine deireannach de gach mí ag 11.00 a.m. Buail isteach!

Go raibh Sonas na Féile Pádraig oraibh go léir ar an lá speicialta seo. Bhí mé ag bailiú do Chonradh na Gaeilge ag an séipéal ar maidin agus chuir se ionadh orm an méid daoine a labhair Gaeilge liom agus Gaeilge líofa acu. Theastaigh ó chuid acu feabhas a chur ar a líofacht cainte agus mhol mé dóibh bualadh isteach chuig teach tabhairne Bollards aon maidin Céadaoine ag 11.00 agus páirt a ghlacadh sa Chiorcal Comhrá.

Tá ciocal eile a bhailíonn sa Leabharlann i Loch Buí gach maidin Céadaoine ag 11.00 a.m. Chomh  maith.

Ag céiliuradh na Féile anseo i gCill Chainnigh:

Tá áthas ar Fhoras na Gaeilge sraith d’oicheanta eolais a fhógairt leis na scéimeanna maoinithe atá ar fáil ón gcomhlacht thuaigh/theas don GAEILGE a chur chun cinn.

Beidh siad i gCill Chainnigh ar an Mháirt, 21 Feabhra in Óstán an Springhill ag 19.30.

Tuilleadh eolais mar gheall ar scéimeanna Fhoras na Gaeilge anseo – http://Forasnagaeilge.ie/camchuairt