Tionólfar Tumthuras sa Ghaeilge in Ionad Oideachais Chill Chainnigh ón 27adh go 30adh Samhain ó 7.00in go 9.30in. Tá an tionól oscailte d’éinne a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge.
Beidh aoichainteoirí gach oíche agus tá Gaeilge le spraoi agus taitneamh geallta do na rannpháirtithe. Tá an tionól eagraithe ag Ciorcal Comhrá Gaeilge. Cuirfear deireadh leis an Tumthuras le hoíche spraoi sa “Hole in the Wall”, Sráid Ard, ar an Aoine, 1adh Nollaig .
Gach eolas ó Leabharlann Loch Buí, Ionad Oideachais Chill Chainnigh nó ó Dan Brennan (0868527400)
You must be logged in to post a comment.