Tà an dáta deiridh le haghaidh iarratais d’imeachtaí Bliain na nGaeilge ná Dé Máirt seo chugainn, 28adh Samhain 2017.
Is féidir le haon ghrúpa, aon eagraíocht, aon choiste nó aon chlub a bhfuil sé i gceist acu imeacht nó tionscadal a reáchtáil do Bhliain na Gaeilge cur isteach ar an maoiniú nua seo.
Ciste Bhliain na Gaeilge
Beidh €125,000 ar fáil le linn 2018. Tá an ciste ar oscailt anois d’imeachtaí a bheas ar siúl ó 1 Eanáir go 1 Meitheamh (seachas imeachtaí ó 1-17 Márta). Tá Conradh na Gaeilge ag súil gur deontas idir €500 & €1,000 a bheas ar fáil, beidh sin ag braith ar líon na n-iarratas dár ndóigh. Tá an fhoirm iarratais agus tuilleadh eolais faoin gciste ar fáil ag http://Peig.ie/ciste125
Ciste Seachtain na Gaeilge
Tá an ciste seo ar oscailt anois agus beidh idir €100 agus €250 ceadaithe do ghrúpaí le himeachtaí a eagrú le linn na féile. Caithfear an fhoirm iarratais a líonadh. Cóipeanna ar fáil ag http://Snag.ie/ciste
Tá Conradh na Gaeilge ag moladh iad a líonadh ar líne go fada agus gur féidir agus caithfear an t-imeacht a chlárú ar PEIG chomh maith
You must be logged in to post a comment.