Oideachas as Gaeilge

Ag Daonscoil na Mumhan, sa Rinn Samhradh 1983, bhí bolscaireacht ar siúl faoi ghluaiseacht na nGaelscoileanna. Go gairid ina dhiaidh sin thaispeáin ár gCathaoirleach, Cárthach Ó Laoghaire video faoi ghaelscoileanna a bhunú. Deireadh Fómhair 1983, tháinig tuismitheoirí agus lucht tacaíochta chuig cruinniú i dTeach an Rútaigh.

Nuair a bhí an cruinniú thart ní raibh pingin rua ná seomra scoile againn ach bhí daltaí againn. Ghlac Breanda Uí Bheoláin, Máire Íde Breathnach, Áine Uí Chaoimh, Helen Puirséal (RIP), Seán Breathnach, Mícheál Ó Fearghail agus Eoin Ó Néill cúram orthu féin gaelscoil a oscailt i Meán Fómhair 1984.

Tháinig Cumann Lúthchleas Gael James Stephens i gcabhair orthu. Le cead ón Roinn Oideachais dul ar aghaidh leis an dtionscnamh agus le treoir ón chigire scoile, Proinsias Ó Donnchú, osclaíodh Gaelscoil Osraí i seomra sa chlub i Larchfield.

Cosúil le Pádraig Mac Piarais bhí fís ag na bunaitheoirí agus cuireadh an fís sin i gcrích nuair a d’oscail Gobnait Ní Choitir doras na scoile i Meán Fómhair 1984. Tháinig, Méara na Cathrach, Tomás Ó Crotaigh, an chéad lá chun fáilte a chur roimh Gobnait agus na daltaí óga a bhí i láthair.

Tá Gaelscoil Osraí loinnithe anois i Loch Buí agus tá ós cionn 450 dalta ann.

Nuair a phós Gobnait d’imigh sí ó Chill Chainnigh agus ceapadh Mícheál Ó Máirtín mar phríomhoide. Faoi stiúradh Mhichíl d’fhás an scoil agus tá buanscoil le gach áis ann anois. Chomh maith le scoil nua tá príomhoide nua, Seán Ó hArgáin, acu anois.

Tá buíochas mór tuillte ag an Easpag Labhrás Ó Fuireastal agus an tAthair Ó Floinn a thug cúnamh agus tacaíocht thar na bearta do bhunú na scoile.

%d bloggers like this: