CnagKilkenny

Tugann an fhéile deis do gach éinne sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon.

I gCill  Chainnigh beidh deis agat do chúpla focal a úsáid  le linn na féile agus go háirithe ar Lá le Padraig nuair a bheidh “An Ghaeltacht Bheag” i bpáirc an Chaisleáin. Beidh Puball na Gaeilge sa pháirc, áit a bheidh deis agat do chuid Gaeilge a úsáid. Beidh sé ar siúl idir 14.00 -16.00 agus beidh cluichí agus spotduaiseanna ar an lá.

Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!

Beidh seachtain eile Gaeilge againn anseo i gCill Chainnigh ag deireadh Feabhra faoin teideal Gaelspraoi Cois Feoire.

Beidh sé ar siúl arís 4 oíche as a chéile Luan go Déardaoin ó 7.00in go 9.30in san Ionad Oideachais Cill Chainnigh ag deireadh Mí Feabhra.

Beidh clár an-lán agus éagsúil againn.
Tuilleadh eolais ar ball.

Tionólfar Tumthuras sa Ghaeilge in Ionad Oideachais Chill Chainnigh ón 27adh go 30adh Samhain ó 7.00in go 9.30in. Tá an tionól oscailte d’éinne a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge.

Beidh aoichainteoirí gach oíche agus tá Gaeilge le spraoi agus taitneamh geallta do na rannpháirtithe. Tá an tionól eagraithe ag Ciorcal Comhrá Gaeilge. Cuirfear deireadh leis an Tumthuras le hoíche spraoi sa “Hole in the Wall”, Sráid Ard, ar an Aoine, 1adh Nollaig .

Gach eolas ó Leabharlann Loch Buí, Ionad Oideachais Chill Chainnigh nó ó Dan Brennan (0868527400)

 

Cantóirí an Rútaigh

Beidh Cantóirí an Rútaigh ag bailiú arís i dTeach an Rútaigh ar an gCéadaoin, 13ú Meán Fomhair ag 8.30 i.n. Bígí linn má tá suim agat amhráin Gaeilge a chanadh. Buailimid le chéile gach Céadaoin i rith na bliana.

Beidh Siúlóid & Picnic trí Ghaeilge ar siúl i Choill Chorclaigh (Jenkinstown Wood) ar an Domhnach 16 Iúil ag 14:00. Póstaer iniatan.

Fáilte roimh chách. Tóg picnic leat!

Is deis é seo do theaghlaigh le Gaeilge i Chill Chainnigh aithne a chur ar a chéile & sult a bhaint as an saol trí Ghaeilge lena chéile .

Scaip an scéal, le bhur dtoil! Fáilte roimh chách.

Cuireadh  tús le  gréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá faoi theideal an fheachtais “Is Leor Beirt” i gcomhar le Scéimeanna Phobail Gaeilge timpeall na tíre. Tá dhá ghrúpa anseo i gCill Chainnigh. Tá sé an-éasca grúpa nua Is Leor Beirt a bhunú – níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile i gcaife áitiúil nó sa bhialann san ionad oibre nó áit ar bith eile chun comhrá le chéile i nGaeilge ar bhonn rialta. Cuireann beirt chainteoir Gaeilge fáilte roimh dhaoine eile le spéis sa teanga ag gach ionad a ghlacann páirt i scéim an Chonartha gach seachtain nó gach mí. Má tá grúpa bunaithe agat, cuir na sonraí chuig – isleorbeirt@cnag.ie

Is Leor Beirt  – Leabharlann Loch Buí, Chill Chainnigh
Gach Céadaoin – 11:00  Eolas : Lochbui1@gmail.com
Is Leor Beirt – Teach Tabhairne Bollards , Cill Chainnigh -Gach  Céadaoin – 11.00  Eolas: conradhcillchainnigh@gmail.com

 

 

Bíonn Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge ar siúl i Leabharlann Loch Buí ar an Aoine deireannach de gach mí ag 11.00 a.m. Buail isteach!

Go raibh Sonas na Féile Pádraig oraibh go léir ar an lá speicialta seo. Bhí mé ag bailiú do Chonradh na Gaeilge ag an séipéal ar maidin agus chuir se ionadh orm an méid daoine a labhair Gaeilge liom agus Gaeilge líofa acu. Theastaigh ó chuid acu feabhas a chur ar a líofacht cainte agus mhol mé dóibh bualadh isteach chuig teach tabhairne Bollards aon maidin Céadaoine ag 11.00 agus páirt a ghlacadh sa Chiorcal Comhrá.

Tá ciocal eile a bhailíonn sa Leabharlann i Loch Buí gach maidin Céadaoine ag 11.00 a.m. Chomh  maith.

Ag céiliuradh na Féile anseo i gCill Chainnigh:

Peig.ie

imageTabhair cuairt ar http://Peig.ie lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. Gheobhaidh tú eolas faoi chúrsaí Gaeilge i gCill Chainnigh agus i gceanntair eile ar fud na tíre.

%d bloggers like this: