CnagKilkenny

Tugann an fhéile deis do gach éinne sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon.

I gCill  Chainnigh beidh deis agat do chúpla focal a úsáid  le linn na féile agus go háirithe ar Lá le Padraig nuair a bheidh “An Ghaeltacht Bheag” i bpáirc an Chaisleáin. Beidh Puball na Gaeilge sa pháirc, áit a bheidh deis agat do chuid Gaeilge a úsáid. Beidh sé ar siúl idir 14.00 -16.00 agus beidh cluichí agus spotduaiseanna ar an lá.

Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!

Go raibh Sonas na Féile Pádraig oraibh go léir ar an lá speicialta seo. Bhí mé ag bailiú do Chonradh na Gaeilge ag an séipéal ar maidin agus chuir se ionadh orm an méid daoine a labhair Gaeilge liom agus Gaeilge líofa acu. Theastaigh ó chuid acu feabhas a chur ar a líofacht cainte agus mhol mé dóibh bualadh isteach chuig teach tabhairne Bollards aon maidin Céadaoine ag 11.00 agus páirt a ghlacadh sa Chiorcal Comhrá.

Tá ciocal eile a bhailíonn sa Leabharlann i Loch Buí gach maidin Céadaoine ag 11.00 a.m. Chomh  maith.

Ag céiliuradh na Féile anseo i gCill Chainnigh:

%d bloggers like this: