Tá colún nua seachtainiúil ag Liam de Lása leis an bpáipéar áitiúil Kilkenny Observer gach aon Aoine. Bíonn na cluichí CLG á phlé aige sa cholún seo agus cuirtear aistriúchán ar fáil leis chomh maith. Is deis iontach é sin do Ghaeilgeoirí an chontae agus d’fhoghlaimeoirí chun an teanga a fheiscint go háitiúil. B’fhiú go mór tacaíocht a thabhairt do Liam sa bhfiontar nua seo. Tá an nuachtán seo ar fáil SAOR IN AISCE chomh maith.
Is leor beirt!
Chun deis a thabhairt do Ghaelgóiri na háite teacht le chéile agus dreas comhrá as Gaeilge a bheith acu shocraigh grúpa beag go mbuailfidis le chéile i dTeach Tabhairne Bollards, Sráid Chiaráin, gach Céadaoin i gcóir uair a chloig. Bíonn comhluadar deas bailithe le chéile gach seachtain ag a haondéag a chlog. Cuirtear fáilte roimh daoine nua i gcónaí.
Every Wednesday morning a small group of people meet in Bollards Public house for a weekly chat and coffee. There is no set agenda and a large range of topics are discussed at each session. This group known as ‘Is Leor Beirt’ (Two will do) have met each week since 2012 at 11a.m. for their chat ‘as gaeilge’ and newcomers are always welcome.
You must be logged in to post a comment.