Aifreann Cuimhneacháin do Phádraigín Ní Dhubhluachra

Pádraigín Ní Dhubhluachra – FíorGhael ar lár

 

padraigin-2-1-of-1Ar an 27ú de mhí na Samhna shleamhnaigh Pádraigín uainn isteach sa tsíoraíocht. Pádraigín na gile agus na huaisleachta, Pádraigín na cuideachta agus na dáiríre, Pádraigín an fhuinnimh agus na dílseachta. Bhain an uaisleacht léi a bhain le cathair Chill Chainnigh féin. Bean a bhí bródúil as a sinsearacht agus as cathair ársa Chill Chainnigh agus gach ar bhain leis.

Chaith Pádraigín an chuid is mó dá saol ina cónaí ar Shráid na Feise, in aice le teach an Rútaigh agus le Cúirt na nGrásach agus bhí stair Chill Chainnigh go smior inti. Ghlac sí páirt ghníomhach i saol na cathrach agus chuir sí go mór le saol reiligiún, cultúrtha agus carthanachta an phobail.

Chaith sí an chuid is mó dá saol gairmiúil ag múineadh i scoileanna Pharóiste Naomh Cainneach. Cuid de rian na gairme sin a bhí le tabhairt faoi deara ba ea an chinnteacht a bhain léi agus a tuairimí á  gcur in iúl go daingean, dearfa ach i gcónaí go deabhéasach. Bhain an diongbháilteacht seo léi i rith a saoil.

Chuir sí spéis i saol cultúrtha na cathrach agus ba bhreá léi freastal ar imeachtaí ceoil, drámaíochta, polaitíochta agus léinn. Ghlac sí páirt ghníomhach san INTO, Conradh na Gaeilge, An Cumann Seandálaíochta, Concern, Liberal Studies Group agus Cumann Múinteoirí Scortha Chill Chainnigh. Bhí sí ina Cathaoirleach ar an Liberal Studies Group agus Cumann Múinteoirí Scortha Chill Chainnigh nuair a fuair sí bás.

Thar aon ghrúpa eile thug sí a croí le Conradh na Gaeilge agus rinne sí obair fhónta thar na blianta ag cur na teanga chun cinn i measc an phobail.  Bhí an Ghaeilge go líofa, anamúil aici agus d’úsáid sí gach deis í a labhairt agus a chur chun cinn. Ba bhreá léi an Ghaeilge a labhairt go poiblí agus ba mhinic í a chloisteáil ag labhairt na Gaeilge ar an mbaile. Fiú, agus í i mbun gnó sna cumainn eile, ina raibh sí páirteach, labhair sí an Ghaeilge nuair ba chuí. Bhí sí ar choiste Chonradh na Gaeilge le blianta agus chaith sí tamall fada mar rúnaí agus seal mar chathaoirleach. Bhí baint nach beag aici le rath Conradh na Gaeilge i gCill Chainnigh agus chuir an dúthracht, an fuinneamh agus an dílseacht a thaispeáin sí go mór le himeachtaí cosúil le Club na nÓg, Díospóireachtaí Gaeilge, Daonscoil Osraí, Feis Chill Chainnigh, agus an tAifreann Gaeilge sa Friary. Bhí lámh aice freisin in eagrú Ard Fheis Chonradh na Gaeilge, Cuairt na bhFilí Albanacha, Scoil Merriman, Féile Pan-Cheilteach agus an clár “Trom agus Eadrom” nuair a ritheadh iad i gCill Chainnigh.

Bhí creideamh láidir ag Pádraigín agus d’fhreastail sí ar Aifreann laethúil. Bhí sí fial, flaithiúil i gcónaí agus d’eagair sí bailiúchán náisiúnta CONCERN i gCill Chainnigh le blianta fada. Rud a rinne sí le cruinneas agus le dúthracht agus le tairbhe mór do Concern. Chaith sí tamall ag tús a ghairme ag obair le Viatores Christi i Zambia agus is iomaí duine ar an mbaile a fuair cabhair agus tacaíocht uaithi in am an gháthair. Is minic a bhuail mé léi ar an mbaile ar a bealach chuig teach éigin ar chuairt nó chun duine a bhailiú sa charr.

Chuir Pádraigín a hanam sa saol agus bhain sí gach tairbhe agus maitheas as an lá bán fiú nuair a leag an ailse í.  Ba bhreá léi a cairde ag teacht ar chuairt, na seisiúin ceoil a d’eagraigh siad agus turasanna go Cill Chainnigh le haghaidh béilí. Ghlac sí le dignit lena breoiteacht agus is mór an chailliúint í dá cairde go léir. I mbliain seo an chéid agus muid ag smaoineamh ar laochra 1916, smaoinímis ar ár laoch féin, Pádraigín, a rinne éacht ar son na Gaeilge anseo i gCill Chainnigh agus a bhí fial, flaithiúil i gcónaí do phobal Chill Chainnigh.

Is méala mór a bás dá deirfiúr, Elizabeth, dá deartháir céile, agus dá clann uilig.  Solas glé na bhFlaitheas go raibh ar a hanam uasal i measc Ghaeil na hÉireann.

Beidh Aifreann Cuimhneacháin do Phádraigín sa Friary ar an Domhnach, 15ú Eanair, ag 10.30

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: