Tugann an fhéile deis do gach éinne sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon.
I gCill Chainnigh beidh deis agat do chúpla focal a úsáid le linn na féile agus go háirithe ar Lá le Padraig nuair a bheidh “An Ghaeltacht Bheag” i bpáirc an Chaisleáin. Beidh Puball na Gaeilge sa pháirc, áit a bheidh deis agat do chuid Gaeilge a úsáid. Beidh sé ar siúl idir 14.00 -16.00 agus beidh cluichí agus spotduaiseanna ar an lá.
Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!


Beidh Cantóirí an Rútaigh ag bailiú arís i dTeach an Rútaigh ar an gCéadaoin, 13ú Meán Fomhair ag 8.30 i.n. Bígí linn má tá suim agat amhráin Gaeilge a chanadh. Buailimid le chéile gach Céadaoin i rith na bliana.










Tabhair cuairt ar http://Peig.ie lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. Gheobhaidh tú eolas faoi chúrsaí Gaeilge i gCill Chainnigh agus i gceanntair eile ar fud na tíre.
You must be logged in to post a comment.